News for August 2010

Deireadh ag teacht leis an tSamhraidh

Is léir go mbeidh an coláiste ag tosú arís i Mí Meán Fómhair ar an t-ochtú lá. Shíl mé go mbeadh cúpla seachtain eile saor againn sula bhfilleadh muid, ach sin mar atá.
Beidh orm críochnú san oifig ar an Déardaoin roimhré, tosaíonn an Electric Picnic an lá ina dhiaidh sin agus seans go mbeidh orm dul díreach ó sin go dtí an Cheathrú Rua.

Seachas deacrachtaí taistil agus gnóthacht an tréimhse sin, tá mórán eile a bhí sé i gceist agam déanamh fad is a bhíomar saor. Tá ríomhaire nua le ceannach agam (nó cadhnra nua don netbook ar a laghad). Theastaigh uaim mo chuid sean-cluichí ríomhaire a eagrú, ach faraor tá cuid mhaith des na cáblaí ar strae (maraon le mo chuid Lego, ach sin scéal eile).

Ach ar a laghad tá fón nua ceannaithe agam (Samsung Galaxy S), agus tá mé anois ar O2 seachas Meteor, rud a chiallaíonn go mbeidh mé in ann é a úsáid laistigh den teach don chéad uair.

Oh, agus tá an fón nua go h-álainn amach is amach, nach bhfuil?Galaxy S

Posted: August 3rd, 2010
Categories: Gaeilge, Other
Tags:
Comments: 2 Comments.